『Seachtain』のカバーアート

Seachtain

Seachtain

著者: Irish Independent
無料で聴く

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

2026 Irish Independent
政治・政府
エピソード
  • A tale of revival and controversy: Tús na gcoláistí samhraidh
    2026/08/27
    Tá deireadh ag teacht leis an samhradh agus tá daltaí fud fad na tíre ag filleadh ar an scoil. Chaith thart ar tríocha míle acu seal sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh le seachtainí beaga anuas, ag cur feabhais ar a gcuid Gaeilge. Is nós bliantiúil é do go leor daoine óga, agus b’fhéidir nach smaoiníonn siad mórán faoi. Ach cé chomh fada is a dtéann traidisiún na gcoláistí samhraidh siar? Cén fáth ar cuireadh tús leo sa chéad dul síos? Agus cén fáth gur tharraing siad an oiread sin trioblóide orthu féin le linn bhlianta órga athbheochan na Gaeilge? Ar Seachtain labhraíonn an Dr Máire McCafferty faoi tús na gcoláistí samhraidh. Foclóir: Ceardchumann: Trade Union Oilte: Skilled Daideo: Grandfather Tóir: Demand Ballraíocht: Membership Uirbeach: Urban Laidin: Latin Athbheochan:Revival Uasaicme, íosaicme: Upper class, lower class Siamsa: Entertainment Tréimhse an-chorrach: Turbulent time Ag tabhairt fogha faoi: To attack I gCeann Chlochair: In Clogherhead Ag déanamh athris ar: Imitating Éigeantach: Mandatory Laochra: Heroes Dódh Coláiste Uladh: Coláiste Uladh was burnt Go sonrach: Particularly Críochdheighilt: Partition Maoiniú: Funding Dlús a chur faoi: To accelerate or speed up

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    25 分
  • Stair Bhéal Feirste: ‘Stair a mhúnlaigh mo mhuintir’ - Séamus Ó Tuama
    2026/08/19
    Tar éis bás a athar, gheall Séamus Ó Tuama go gcríochnódh sé féin an leabhar a bhí tosaithe ag a dhaid, Diarmuid. Leabhar ar stair Bhéal Feirste atá ann ó pheirspictíocht phoblachtánach, le scéal muintir Uí Thuama féin agus an t-eispéireas a bhí acu féin fite fuaite le stair chorraitheach na cathrach féin. Leanann an leabhar turas na clainne, ó fhear óg Corcaíoch a bhog ó thuaidh i ndiaidh an Ghorta Mhóir, tríd na pogroms le linn na 1920ídí, agus na Trioblóidí a lean, go dtí Séamus agus a hathair Diarmuid agus an ról a bhí acu i réabhlóid na Gaeilge sa chathair. Bhí an-aithne ag Gaeil Bhéal Feirste ar mhuintir Uí Thuama, go háirithe mar gheall ar obair Dhiarmuid mar phríomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar Seachtain, labhraíonn Séamus Ó Tuama faoina leabhar úr ‘Béal Feirste: Belfast’ agus faoin saol sa chathair a mhúnlaigh a mhuintir. Cé gur scéal é atá lán de choimhlint agus de thráma thar na glúnta, feiceann Séamus toradh dearfach sa lá atá inniu ann i bhfoirm na hathbheochana cultúrtha agus teanga atá ag bláthú i mBéal Feirste. Foclóir: Dornán de pháistí: A handful of children Obair dheonach: Voluntary work Tiomsú airgid: Fundraising Cinnteacht: Certainty D’fhág sé a lorg: He left his mark Leac uaighe: Gravestone Borb: Abrupt Fréamhaithe: Rooted Do shinsir: Your ancestors Cartlann mhíleata: Military archives Críochdheighilt: Partition A shin-seanathair: His great-grandfather Ceannaire: Leader Dearfach: Positive Saorstát: Free state Scoilt: Divide Creatlach: Framework Bearna: A gap *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.*

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    20 分
  • Live at the Fleadh: The Conamara duo i gcroílar na reabhlóide trad
    2026/08/13
    Tá Seachtain ag teacht beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026! Ar feadh seachtaine tháinig na sluaite go Béal Feirste chun sult a bhaint as an cheol, na comórtais agus as an chathair féin. Den chéad uair riamh, bhí Fleadh Cheoil na hÉireann á reáchtáil i bpríomhchathair an Tuaiscirt agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag céiliúradh 75 bliain ar an fhód. Chuir Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara gach duine faoi gheasa lena gcuid ceoil thraidisiúnta le linn na Fleidhe. Bhí siad báite sa cheol ó bhí siad sa chliabhán agus anois tá siad ag tabhairt an cheoil sin ar fud an domhain. Bhí Séamus agus Caoimhe i gcuideachta Áine Ní Bhreisleáin.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    続きを読む 一部表示
    22 分
adbl_web_anon_alc_button_suppression_t1
まだレビューはありません