『#22 Ag Ullmhú don Bhliain Nua 2026』のカバーアート

#22 Ag Ullmhú don Bhliain Nua 2026

#22 Ag Ullmhú don Bhliain Nua 2026

無料で聴く

ポッドキャストの詳細を見る

概要

San eagrán seo de Gaeilge Thar Lear, pléann Oisín rúin don Bhliain Nua. Insíonn sé conas a thosaigh sé ag scríobh dialainne in 2015, agus gur spreag sé sin é chun spriocanna bliantúla a leagan síos — spriocanna a choinníonn dírithe agus spreagtha é i rith na bliana. Bíonn a spriocanna ag baint le léamh, le rith, le hinfheistíocht, agus le forbairt phearsanta agus dúshláin éagsúla. Ceann dá spriocanna in 2025 ná Gaeilge Thar Lear a thosú — agus anois agus os cionn 40 podchraoladh déanta aige, is léir gur baineadh an sprioc sin amach go breá! Labhraíonn sé freisin faoin gcóras a úsáideann sé chun fanacht ar an mbóthar i dtreo a chuid spriocanna.


Pléann sé na ceachtanna tábhachtacha ón leabhar Atomic Habits le James Clear — leabhar cumhachtach do dhuine ar bith atá ag iarraidh a nósanna a athrú agus forbairt phearsanta a bhaint amach. Áirítear leis seo na Ceithre Dhlí maidir le hAthrú Iompair, tábhacht na timpeallachta, nósanna bunaithe ar fhéiniúlacht, agus céimeanna beaga comhsheasmhacha sa treo ceart. Má athraímid cad a dhéanaimid gach lá — ár nósanna — is féidir linn oibriú i dtreo leagan níos fearr dínn féin.


Is eagrán é seo ar théama Rún na Bliana Nua; b’fhéidir nach mbeidh sé oiriúnach do chách… ach má tá spriocanna móra nó smaointe móra agat do 2026, seans maith go mbeidh sé úsáideach duit.


___________________________________________________________________________________________________________


In this episode of Gaeilge Thar Lear, Oisín talks about New Year’s Resolutions. He reflects on how starting a journaling habit back in 2015 led him to create annual goals that keep him motivated throughout the year. These goals encompass a range of objectives, including reading targets, running milestones, investment plans, personal development, and various challenges. One of his goals for 2025 was to start Gaeilge Thar Lear — and with more than 40 episodes now published, it’s safe to say that goal has been well and truly achieved. He also explains the systems he uses to stay on track with those goals.


Oisín discusses lessons from Atomic Habits by James Clear, a powerful book for anyone interested in changing their habits and achieving long-term personal development. Some of the key takeaways include the Four Laws of Behaviour Change, the importance of shaping your environment, building identity-based habits, and focusing on consistent small steps in the right direction. When we change what we do every day—our habits — we move closer to becoming a better version of ourselves.


This is a New Year’s Resolutions-style episode; it won’t be for everyone… but if you have big goals or ideas for 2026, you might find it useful.

Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

まだレビューはありません